Past Mock Exam Papers - LC - HL - Irish

Page 1

contains

8

Leaving Cert Higher Level

mock papers

PAST

MOCK EXAM

SA M

PL

E

PAPERS

Godnh-éleiri atn! t-á

a

IRISH


TABLE of CONTENTS Pre-Leaving Certificate Examination - HIGHER LEVEL

MOCK PAPER 1

MOCK PAPER 5 01

Páipéar I

89

Páipéar II

03

Páipéar II

91

Aural

15

Aural

103

MOCK PAPER 6

MOCK PAPER 2 23

Páipéar II

25

MOCK PAPER 3

37

111

Páipéar II

113

Aural

125

MOCK PAPER 7

43

SA M

Páipéar I

Páipéar I

PL

Páipéar I

Aural

E

Páipéar I

Páipéar I

133

Páipéar II

45

Páipéar II

135

Aural

57

Aural

147

MOCK PAPER 4

MOCK PAPER 8

Páipéar I

65

Páipéar I

155

Páipéar II

67

Páipéar II

157

Aural

81

Aural

169

SCAN THE QR CODE TO SEE ALL SOLUTIONS


*P1*

Triailscrúdú na hArdteistiméireachta

SA M

PL

E

Gaeilge Ardleibhéal Páipéar I

100 MARC

AM: 2 Uair

Treoracha d’iarrthóirí Ní mór do na hiarrthóirí cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga. Caillfear marcanna má bhítear faillitheach ann. Ní mór ceangal cinnte leanúnach a bheith ann idir an teideal a roghnaítear agus an t‐ábhar a scríobhtar.

1


*P1*

Cuid II

An Cheapadóireacht

100 marc

Freagair do rogha CEANN AMHÁIN de A, B nó C anseo thíos. Treoracha: Ní gá níos mó ná 500‐600 focal nó mar sin a scríobh i gcás ar bith. Ní mór do na hiarrthóirí cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga. Caillfear marcanna má bhítear faillitheach ann. Ní mór ceangal cinnte leanúnach a bheith ann idir an teideal a roghnaítear agus an t‐ábhar a scríobhtar.

A

AISTE nó ALT NUACHTÁIN / IRISE

100 marc

E

Scríobh AISTE nó ALT NUACHTÁIN / IRISE ar cheann amháin de na hábhair seo. Tá an spórt an‐tábhachtach do dhaoine óga.

(b)

Polaiteoirí – tá meas agus muinín an phobail caillte acu.

(c)

Na dúshláin is mó inár sochaí inniu.

(d)

Is iad blianta na hóige na blianta is fearr.

(e)

Foréigean ‐ Tá sé le feiceáil i ngach áit.

SA M

PL

(a)

B

SCÉAL

100 marc

Ceap SCÉAL a mbeadh do rogha ceann amháin díobh seo oiriúnach mar theideal air. (a)

Trua.

(b)

Is minic a bhíonn ciúin ciontach.

C

DÍOSPÓIREACHT / ÓRÁID

100 marc

Freagair do rogha ceann amháin díobh seo. (a)

Scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar son an rúin seo a leanas nó ina aghaidh: Tá an iomarca cumhachta ag na meáin na laethanta seo.

(b)

Déantar plé go minic sna meáin ar chúrsaí Gaeilge sa lá atá inniu ann. Iarradh ort píosa cainte a dhéanamh ar chlár raidió ar an ábhar seo: An tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an gcultúr gaelach. Scríobh an píosa cainte a dhéanfá ar an ábhar sin. 2 2


*P2*

Triailscrúdú na hArdteistiméireachta

PL

E

Gaeilge Ardleibhéal

SA M

Páipéar II

AM: 3 UAIR 5 NÓIMÉAD

Treoracha d’iarrthóirí ar leathanach 3

3

200 MARC


E

SA M

PL

Léigh na treoracha ar leathanach 3

24


Treoracha d’iarrthóirí Ní mór do na hiarrthóirí cúram a dhéanamh de chruinneas na teanga. Caillfear marcanna má bhítear faillitheach ann. Ní mór do na hiarrthóirí tabhairt faoi cheithre cheist mar seo a leanas:

Freagair Léamhthuiscint A (50 marc) agus Léamhthuiscint B (50 marc) Tá Ceist 1 ‐ 5 ar cómharc. Glacfar le freagraí i d’fhocail féin nó i bhfocail an tsleachta, de réir mar a éilíonn an cheist. Ní mór Ceist 6(b) a fhreagairt i d’fhocail féin, áfach.

SA M

Ceist 1:

PL

E

Ceist 1 (100 marc) agus Ceist 2 (30 marc) agus Ceist 3 (30 marc) agus Ceist 4 (40 marc

Freagair Ceist 2 (30 marc) agus Ceist 3 (30 marc). Ceist 2:

Freagair Ceist 2A (30 marc) nó Ceist 2B (30 marc). 2A. Prós Ainmnithe Freagair ceist amháin as do rogha de 2A (a) nó 2A (b). 2B. Prós Roghnach Freagair ceist amháin as do rogha de 2B (a) nó 2B (b). AGUS

Ceist 3:

Freagair Ceist 3A (30 marc) nó Ceist 3B (30 marc). 3A. Filíocht Ainmnithe (A) Freagair ceist amháin as do rogha de 3A(a) nó 3A(b) 3B. Filíocht Roghnach (B) Freagair ceist amháin as do rogha de 3B(a) nó 3B(b)

Ceist 4:

An Litríocht Bhreise (40 marc) Freagair do rogha ceann amháin as Ceist 4 (A, B, C, D, E nó F). 35


Ceist 1

LÉAMHTHUISCINT (100 marc) A – 50 marc

Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna ar fad a ghabhann leis.

Briotáin na Fraince 1. Suite ar imeall mhór‐roinn na hEorpa, in iarthuaisceart na Fraince, ag amharc amach ar fhairsinge fhiáin an Atlantaigh, is tír álainn í an Bhriotáin atá go fóill ag coinneáil greama ar a nósanna agus a cultúr féin. Ar ndóigh, go traidisiúnta, is teanga Cheilteach a bhí á labhairt ag mórchuid phobal na Briotáine – Breizh ina dteanga féin – a tháinig chun na tíre le muintir Chorn na Breataine thart ar 1,500 bliain ó shin. Cé nach raibh an Fhraincis ag tromlach an stáit nuair a cuireadh an chéad Phoblacht ar bun in 1792, rialaigh údaráis Phárais nach mbeadh ach an t‐aon teanga oifigiúil amháin sa Fhrainc agus – cosúil leis an Ocsatáinis, an Alsáisis, an Chorsaicis, an Bhascais agus eile – níor tugadh aitheantas mar is ceart don Bhriotáinis ariamh.

E

go bhfuil sí suite i gceantar Pays de la Loire, go stairiúil is cuid den Bhriotáin í agus tá an blas sin le mothú uirthi fós. Bhí Château des Ducs mar phríomhchaisleán ag ceannairí na Brotáine nuair a bhí an tír go fóill neamhspleách ón Fhrainc. Anois, d’fhéadfá teacht ar cúpla teach tábhairne deas Ceilteach i lár an bhaile ina mbíonn ceol Briotánach agus Éireannach iontu go minic.

PL

4. Más sa tóir ar an nádúr atá tú, gach seans gurb é an cósta a bheas mar cheann scríbe agat. Ó Nantes aneas go Brest, tá an iliomad tránna agus bánna galánta ann, agus nuair a chuirtear sin leis na sráidbhailte tarraingteacha cois farraige, d’fhéadfá do chuid laethanta saoire iomlána a chaitheamh sa chuid seo den tír. Ó chuannacht Vannes agus Quimper go galláin ársa Carnac - atá ar na hionaid is tábhachtaí seandálaíochta san Eoraip – téann cultúr agus draíocht na Briotáine i bhfeidhm ort go héasca. Cé gur féidir a áitiú nach mbíonn an oiread spóirt agus rí‐rá ar siúl san oíche agus a bhíonn ag dul ar aghaidh sna cathracha móra – nó anseo in Éirinn b’fhéidir – bíonn craic go leor ann sa samhradh agus tá baile áirithe amháin a bhíonn mar chroí an spraoi ar fad ar feadh seachtaine i mí Lúnasa.

SA M

2. Is í Rennes – Roazhon sa Bhriotáinis agus Resnn in Gallo, an chanúint áitiúil Rómánsach – an phríomhchathair, agus mar an gcéanna le cathracha móra ar fud an domhain, ní samhail fhoirfe í den chuid eile den tír. Mar sin féin, is cathair bhríomhar í le pobal suntasach mac léinn a chinntíonn go mbíonn go leor le déanamh le linn na bliana tríd. Is ar an taobh ó dheas de Place Sainte-Anne atá na bialanna agus pubanna is spéisiúla le fáil agus is fiú súil a chaitheamh chomh maith ar an meascán éagsúil d’fhoirgnimh mhaorga agus sráideanna cúnga meánaoiseacha. Is áit shuimiúil í Rennes. De bharr go bhfuil an chathair lonnaithe sa Bhriotáin, tuigeann muintir na háite céard is neamhspleáchas ann agus níl dearmad déanta acu ar na ceangail Cheilteacha ach an oiread. Tá thart ar 200 Éireannach ag cur fúthu sa chathair agus tá suim an-mhór ag daoine i gcultúr na hÉireann. Is féidir leat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil Rennes, tá club Chumann Lúthchleas Gael le fáil sa chathair agus bíonn ceol beo Ceilteach le cloisteáil go rialta sna tithe tábhairne i lár na cathrach.

5. Tagann na sluaite le chéile i mbaile Lorient na Briotáine, ag tús mhí Lúnasa gach aon bhliain don Festival Interceltique de Lorient, nó Féile Idir‐Cheilteach Lorient a bhíonn ar siúl ann. Is í an fhéile Cheilteach seo an fhéile is mó tóir sa Fhrainc agus téann timpeall 800,000 cuairteoir go Lorient i mí Lúnasa chun cultúr na gCeilteach a chéiliúradh. Tugann an fhéile deis comóradh a dhéanamh ar an chultúr Ceilteach chomh maith leis an nasc saíochta idir na tíortha Ceilteacha, Éire, Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, an Bhriotáin agus Oileán Mhanann a threisiú. Is mórócáid cheoil, rince, amhránaíochta agus cumadóireachta í an fhéile ach, chomh maith leis sin, bíonn deis ag gach tír sain‐taispeántas a dhéanamh ar a saíocht féin

3. Cathair eile ar áit mhaith í chun tús a chur le turas ar an mBriotáin ná Nantes/Naoned. Cé

46


go mbíonn 70,000 duine ar na sráideanna chun féachaint ar an mórpharáid agus 10,000 eile sa staid. Mar aon leis na himeachtaí ceoil, bíonn blaschúrsaí teanga ann chomh maith a thugann deis d’fhoghlaimeoirí beagán de Ghaeilge na hAlban, na hÉireann, den Mhanannais agus den Bhreatnais a fhoghlaim chomh maith le sraith léachtaí ar ghnéithe de theangacha na gCeilteach. Bíonn daoine óga rannpháirteach i gceardlanna éagsúla chomh maith agus ar na ceardlanna a cuirtear ar fáil, bíonn ceann ar an ealaín Cheilteach agus seisiúin rannaireachta. Mar sin, cén mhoill atá ort? Tabhair cuairt ar an mBriotáin, ní bheidh díomá ort!

PL

Ceisteanna

Bunaithe ar chúpla foinse.

E

agus bíonn sé seo le feiceáil agus le cloisteáil go fairsing ar shráideanna Lorient i rith na féile. Bíonn an fhéile ar siúl i gcroílár na cathrach agus tagann ceoltóirí, ealaíontóirí agus damhsóirí ó líon mór réigiún. Bíonn príomhimeachtaí na féile ar siúl in áiteanna galánta ar fud bhaile Lorient, mar shampla, Église Saint Louis, Grand Théâtre, agus Palais des Congrès. Ar ndóigh, bíonn méid mór le feiceáil sna sráideanna agus ar na céanna freisin. Ar an Domhnach, bíonn ceann de na himeachtaí is cáiliúla, Mórpharáid na Náisiún Ceilteach ar siúl. Bailíonn breis agus 3,500 ceoltóir, amhránaí, píb‐bhanna agus damhsóir ó gach cearn den domhan Ceilteach le chéile agus téann siad ag máirseáil trí shráideanna Lorient ina n‐éide náisiúnta go dtí a gceann scríbe, Stade du Moustoir. Deirtear

(a) (b)

Cén teanga a bhí á labhairt ag mórchuid na Briotáine go traidisiúnta? (Alt 1) (i) Cad a tharla sa bhliain 1792? (Alt 1) (ii) Cad iad na teangacha eile nár tugadh aitheantas mar is ceart dóibh ariamh? (Alt 1) (7 marc)

2.

(a) (b)

Cén saghas cathrach í Rennes, de réir ailt a dó? (Alt 2) (i) Cad atá ar an taobh ó dheas de Place Sainte-Anne? (Alt 2) (ii) Cad is féidir leis na hÉireannaigh a dhéanamh in Rennes? (Alt 2)

SA M

1.

3.

(a)

(b)

(7 marc)

Cén chathair eile a mholtar chun tús a chur le turas ar an mBriotáin, de réir ailt a trí? (Alt 3) (i) Cé dóibh an Château des Ducs mar phríomhchaisleán fadó? (Alt 3) (ii) Cad atá ar fáil sna tithe tábhairne anois? (Alt 3) (7 marc)

4.

(a) (b)

Ainmnigh rud amháin atá ar fáil ó Nantes aneas go Brest. (Alt 4) (i) De réir an údair, cad a théann i bhfeidhm ort go héasca? (Alt 4) (ii) Cén fhianaise atá ann, de réir ailt a ceathair, go mbíonn níos mó craic ann in Éirinn? (Alt 4) (7 marc)

5.

(a) (b)

Luaigh trí cinn de na healaíona a cheiliúrtar san fhéile seo. (Alt 5) (i) Cé mhéad duine a bhíonn ag féachaint ar Mhórpharáid na Náisiún? (Alt 5) (ii) Cad a deirtear faoi na blaschúrsaí teanga? (Alt 5) (7 marc)

6.

(a)

Aimsigh sampla den Tuiseal Ginideach uimhir uatha in Alt 4 agus sampla den Bhriathar Saor san Aimsir Láithreach in Alt 5. Bunaithe ar an eolas sa sliocht thuas, an áit mhaith í an Bhriotáin, dar leat? Tabhair dhá chúis le do fhreagra agus bíodh sampla amháin as an sliocht mar thacaíocht le gach cúis a luann tú. (Is leor 60 focal.) (15 mharc) 57

(b)


B – 50 marc Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna ar fad a ghabhann leis.

Na Gardaí Síochána 1. Is cosúil gur eagraíocht stáit An Gharda Síochána atá faoi bhrú millteach. De réir an‐ chuid saineolaithe sna meáin, tá an eagraíocht loite ón mbonn aníos. Is amhlaidh nach bhfuil deireadh leis na scannail ar fad atá ag teacht amach ó cheanncheathrú na heagraíochta i bPáirc an Fhionnuisce. Drochphoiblíocht agus droch‐chleachtas a shamhlaítear anois leis an nGarda Síochána le tamall de bhlianta anuas. Tá coimisinéir nua ceaptha ar an bhfórsa le gairid, áfach. Drew Harris an t‐ainm atá air. Bhí sé ina Leasardchonstábla ar Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Neosfaidh an aimsir an mbeidh sé in ann an eagraíocht a bhfuil sé ina cheann feadhna anois uirthi a réabadh as a chéile agus deireadh a chur le cultúr na ndroch‐ chleachtas san eagraíocht seo.

go géar leis na hamhrastaigh seo. Is dócha gur cheap na Gardaí ag an am, go raibh cead acu a rogha rud a dhéanamh, chun teacht ar an bhfírinne, os rud é go raibh an tír féin i mbaol mar gheall ar na Trioblóidí a bhí faoi lán seoil ag an bpointe sin. Cáineadh an Garda Síochána go forleathan ag an am agus cuireadh deireadh leis an gcleachtas sin, le reachtaíocht speisialta ag tús na n‐ochtóidí.

SA M

PL

E

4. I rith na nóchaidí agus na chéad deich mbliana den mhílaois nua, tháinig a thuilleadh scéalta chun solais mar gheall ar mhí‐iompar san fhórsa. Cuireadh binsí fiosrúcháin ar bun chun na scéalta seo a iniúchadh i gceart. Binsí fiosrúcháin Morris agus Smithwick ab ea an dá cheann ba thromchúisí. Ba ar mhí‐iompar ghardaí i nDún na nGall a dhírigh Binse Fiosrúcháin Morris a 2. Bunaíodh an Garda Síochána cúpla mí tar aird agus fuarthas amach go raibh caimiléireacht éis bhunú an stáit féin sa bhliain 1922. Mar sin, agus cumadaóireacht scéalta agus fianaise ar siúl fórsa póilíneachta seanbhunaithe atá sa Gharda ar bhonn forleathan i measc na ngardaí i nDún Síochána. Fórsa póilíneachta neamharmtha atá na nGall. Tuairisc cháinteach i dtaobh iompar na sa Gharda Síochána agus b’amhlaidh an scéal ngardaí a d’eascair as Binse Fiosrúcháin Morris. riamh anall. Is údar mórtais é seo don fhórsa féin D’fhiosraigh Binse Fiosrúcháin Smithwick agus do mhuintir na hÉireann go léir gur cloíodh líomhaintí maidir le claonpháirteachas le leis an bpolasaí sin thar na blianta in ainneoin na paraimíleataigh a bheith ar bun ag na gardaí ndeacrachtaí a bhí ag an nGarda Síochána leis an i nDún Dealgan, i gContae Lú. Creideadh go IRA, ach go háirithe. Creideadh go raibh an Garda raibh na gardaí i nDún Dealgan i gclaonpháirt Síochána in ann fanacht ina fhórsa póilíneachta leis an IRA Sealadach agus gur sceith siad eolas neamharmtha toisc go raibh lánmhuinín ag an ar na Sealadaigh maidir le beirt phóiliní a bhí gcosmhuintir astu ar feadh na mblianta. Bhíodh i gConstáblacht Ríoga Uladh. Creideadh gur an‐mheas ag daoine ar an ngarda nó ar an sáirsint chabhraigh an t‐eolas seo leis na Sealadaigh an áitiúil ar fud na tíre agus bhíodh dlúthnasc ann bheirt phóilíní a mharú i ndeisceart Ard Mhacha idir na gnáthdhaoine agus na gardaí. N’fheadar i 1989. Chinn an Breitheamh Smithwick go an bhféadfaí é sin a mhaíomh anois, áfach. raibh claonpháirteachas i gceist agus gur cheap sé go raibh garda nó gardaí i nDún Dealgan ag 3. Le deich mbliana anuas, tá cuid mhaith cabhrú leis an IRA Sealadach. Drochphoiblíocht scannal faoi mhí‐iompar an Gharda Síochána tar arís faighte ag an nGarda Síochána mar gheall ar éis teacht chun cinn. Ach ní hí seo an chéad uair mhí‐iompar. ar cuireadh mí‐iompar i leith bhaill an Gharda Síochána áfach. Ó na naoi déag seachtóidí i leith, 5. Conspóid mhór mhillteach a tharraing droch‐ briseadh scéalta anois is arís faoi mhí‐iompar sa chlú arís eile ar an bhfórsa ab ea cás Maurice Gharda Síochána. Mar shampla, cuireadh i leith McCabe. Fear nochta scéil a bhí sa Sáirsint chuid mhaith gardaí i mBaile Átha Cliath, gur Maurice McCabe a dúirt go raibh caimiléireacht úsáid siad modhanna mídhleathacha chun go ar siúl ag na gardaí i gcontae an Chabháin agus n‐admhódh amhrastaigh do choireanna nach i gcontae Mhuineacháin maidir le córas na ndearna siad in aon chor. ‘The Heavy Gang’ a bpointí pionóis. Dúirt sé freisin nár láimhseáil tugadh ar na gardaí sin, a chaith go garbh agus a chomhghleacaithe dúnmharuithe, fuadaigh 68


agus ionsaithe sa cheantar sin i gceart thar na blianta. In ionad aghaidh a thabhairt ar an méid a dúirt, McCabe rinneadh ionsaithe fíochmhara ó bhéal agus scaipeadh ráflaí gangaideacha mar gheall ar Mhaurice McCabe. Gardaí áirithe ba chúis leis na ráflaí agus na hionsaithe. Scannal ollmhór a bhí ann a chúisigh éirí as do bheirt choimisinéirí. Ar deireadh, tar éis turascálacha a bheith scríofa agus obair bhinse fiosrúcháin a bheith déanta, ghabh Taoiseach na linne, Enda Kenny leithscéal le Maurice McCabe

agus lena theaghlach as an gcaoi ar chaith an Garda Síochána leis. Scannal nach bhfacthas a mhacsamhail le fada fíorach an lá a bhí i scannal Maurice McCabe agus tá gach duine, idir ghnáthbhaill an fhórsa agus ghnáthshaoránaigh na tíre, ag súil go bhfuil ré na scannal curtha díobh ag an nGarda Síochána agus gur gardaí an dea‐chleachtais agus an dea‐iompair a bheidh iontu feasta. Bunaithe ar chúpla foinse.

Ceisteanna (a) (b)

Cad a deireann na saineolaithe faoin eagraíocht An Garda Síochána? (Alt 1) (i) Cad iad na rudaí a shamhlaítear leis an nGarda Síochána anois? (Alt 1) (ii) Cá raibh Drew Harris sular ceapadh ina choimisinéir ar an nGarda Síochána é? (Alt 1) (7 marc)

2.

(a) (b)

Cathain a tháinig an Garda Síochána ar an bhfód ar dtús? (Alt 2) (i) De réir ailt a dó, cad is údar mortáis é don fhórsa? (Alt 2) (i) Cad a deirtear faoin gcaidreamh idir Garda agus na gnáthdhaoine? (Alt 2)

(a)

4.

5.

6.

(a) Cén fáth ar cuireadh binsí fiosrúcháin ar bun i rith na nóchaidí ar aghaidh? (Alt 4) (b) (i) Cad air ar dhírigh Binse Fiosrúcháin Morris a aird? (Alt 4) (ii) Cén cinneadh a bhí ag an mBreitheamh Smithwick? (Alt 4) (a) (b)

(a) (b)

(7 marc)

Cén uair a thosaigh scéalta faoi mhí‐iompar sna gardaí ag teacht chun solais ar dtús? (Alt 3) (i) Cén trácht a dhéantar ar ‘The Heavy Gang’? (Alt 3) (ii) De réir ailt a trí cén fáth ar cheap na gardaí go raibh cead acu a rogha rud a dhéanamh? (Alt 3) (7 marc)

SA M

(b)

PL

3.

E

1.

Cad a deirtear faoin Sáirsint Maurice McCabe? (Alt 5) (i) Cé a ghabh leithscéal le Maurice McCabe? (Alt 5) (ii) De réir ailt a cúig, cad atá gach duine ag súil leis anois? (Alt 5)

(7 marc)

(7 marc)

Aimsigh sampla den Bhriathar Saor san Aimsir Chaite in Alt 3 agus sampla d’aidiacht san uimhir iolra in Alt 5. Bunaithe ar an eolas sa sliocht thuas, dean plé, i d’fhocail féin, ar dhá aidhm a bhí ag an údar, dar leat, nuair a scríobh sé an sliocht seo. (Is leor 60 focal.) (15 mharc)

79


Ceist 2

PRÓS (30 marc) – PRÓS AINMNITHE nó PRÓS ROGHNACH – (30 marc)

Freagair Ceist 2A (Prós Ainmnithe) nó Ceist 2B (Prós Roghnach). 2A. Prós Ainmnithe Freagair do rogha ceann amháin de (a) nó (b) thíos. Dís ‘Maidir leis an ngearrscéal Dís, faightear cur síos spéisiúil ann ar chaidreamh idir lánúin phósta.’ Déan an ráiteas sin a phlé.

Oisín i dTír na nÓg Maidir leis an scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg, déan plé ar an bpáirt a ghlacann Niamh Chinn Óir sa scéal. (30 marc)

SA M

(b)

(30 marc)

PL

E

(a)

2B.

Prós Roghnach

Freagair do rogha ceann amháin de (a) nó (b) thíos. Níl cead aon ábhar a bhaineann le Prós Ainmnithe a úsáid i bhfreagra ar an bPrós Roghnach.

(a)

Maidir le gearrscéal roghnach a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, scríobh síos príomhthéama an ghearrscéil sin. Déan plé ar an bhforbairt a dhéantar ar an bpríomhthéama sin ó thús deireadh an ghearrscéil.

Ní mór teideal an ghearrscéil sin, mar aon le hainm an údair, a scríobh síos go cruinn. (30 marc) nó

(b)

Maidir le scéal béaloidis roghnach a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, déan plé ar shaol an phríomhcharachtair sa scéal. Ní mór teideal an scéil bhéaloidis sin, a scríobh síos go cruinn.

8 10

(30 marc)


Ceist 3

FILÍOCHT (30 marc) – FILÍOCHT AINMNITHE nó FILÍOCHT ROGHNACH – (30 marc)

Freagair Ceist 3A (Filíocht Ainmnithe) nó Ceist 3B (Filíocht Roghnach). 3A. Filíocht Ainmnithe Freagair do rogha ceann amháin de (a) nó (b) thíos. An tEarrach Thiar

(i)

“Cuireann an file béim ar leith ar radharcanna agus ar fhuaimeanna sa dán An tEarrach Thiar (thíos).”

E

(a)

Déan plé gairid ar an ráiteas sin.

(15 mharc)

Cad é an mothúchán is mó a mhúsclaíonn an dán seo ionat féin?

(6 mharc)

(iii)

Scríobh nóta gairid ar shaol agus ar shaothar an fhile seo.

(9 marc)

PL

(ii)

An tEarrach Thiar

Fear ag glanadh cré De ghimseán spáide Sa gciúnas séimh I mbrothall lae: Binn an fhuaim San Earrach thiar.

3.

Mná i locháin In íochtar diaidh ‐ thrá, A gcótaí craptha, Scáilí thíos fúthu: Támh ‐ radharc síothach San Earrach thiar.

2.

Fear ag caitheamh Cliabh dhá dhroim, Is an fheamainn dhearg Ag lonrú I dtaitneamh gréine Ar dhuirling bháin: Niamhrach an radharc San Earrach thiar

4.

Toll ‐ bhuillí fanna Ag maidí rámha, Currach lán éisc Ag teacht chun cladaigh Ar órmhuir mhall I ndeireadh lae; San Earrach thiar

SA M

1.

9 11


(b)

Colscaradh

(i)

“Difríochtaí doréitithe is cúis leis an gcolscaradh sa dán Colscaradh. É sin a phlé.

(ii)

Pléigh an meafar is fearr leat sa dán seo.

(iii)

Scríobh nóta gairid ar shaol agus ar shaothar an fhile seo.

(15 mharc) (6 mharc) (9 marc)

Colscaradh

E

Shantaigh sé bean i nead a chine, faoiseamh is gean ar leac a thine aiteas is greann i dtógáil clainne.

PL

Shantaigh sí fear is taobh den bhríste, dídean is searc is leath den chíste saoire thar lear is meas na mílte.

SA M

Thángthas ar réiteach. Scaradar.

3B.

Filíocht Roghnach

Freagair do rogha ceann amháin de (a) nó (b) thíos. Níl cead aon ábhar a bhaineann le Filíocht Ainmnithe a úsáid i bhfreagra ar an bhFilíocht Roghnach.

(a) (i)

Maidir le dán nua‐aimseartha roghnach a chum fear agus a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, cén príomhthéama atá sa dán, dar leat? (15 mharc)

(ii)

An bhfuil teideal an dáin oiriúnach do phríomhthéama an dáin, dar leat? (Is leor pointe amháin eolais as an dán mar thacaíocht le do fhreagra.)

(6 mharc)

(iii)

Cé a chum an dán seo? Scríoh nóta gairid ar shaol agus ar shaothar an fhile sin.

(9 marc)

(b) (i)

nó Maidir le dán nua‐aimseartha roghnach agus a ndearna tú staidéar air le linn do chúrsa, déan plé ar an úsáid a bhaineann an file as codarsnacht sa dán sin.

(15 mharc)

(ii)

Pléigh an friotal sa dán.

(6 mharc)

(iii)

Cé a chum an dán seo? Scríobh nóta gairid ar shaol agus ar shaothar an fhile sin.

(9 mharc)

10 12


Ceist 4

LITRÍOCHT BHREISE (40 marc) – LITRÍOCHT BHREISE – (40 marc)

Freagair do rogha ceann amháin as Ceist 4 (A, B, C, D, E nó F) thíos. 4A. An Triail “Tugtar léiriú maith sa dráma seo An Triail ar ar na bealaí ar caitheadh le máthair shingil in Éirinn sna seascaidí.” An ráiteas sin a phlé.

(40 marc)

E

4B. A Thig Ná Tit Orm

Déan plé ar an ráiteas sin. 4C.

PL

“Faighimid léiriú suimiúil ar na caithimh aimsire ab fhearr le Maidhc Dainín agus é ag fás aníos sa Ghaeltacht.” (40 marc)

Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne

“Is iad gliceas agus scéiméireacht Ghráinne is cúis le himeachtaí na Tóraíochta.” Déan plé ar an ráiteas sin.

SA M

4D. Gafa

(40 marc)

“Tugtar léargas éifeachtach dúinn ar chás an déagóra Eoin, agus ar an gcaoi a gcuireann a iompar leis an teannas sa teaghlach, sa sliocht as an úrscéal Gafa.” Déan plé ar an ráiteas sin.

4E.

Canary Wharf

(40 marc)

“Sa scéal Cosaint Sonraí, tá tionchar mór ag iompar Leanóra agus ag cás mhuintir Hilliard ar Ghráinne.” Déan plé ar an ráiteas sin.

4F.

(40 marc)

Dánta Breise – Éiceolaí Freagair (i), (ii) agus (iii) thíos. (i)

“Baineann an file úsáid as an gcodarsnacht chun príomhthéama an dáin a chur os ár gcomhair sa dán Éiceolaí (thall).” Déan plé ar an ráiteas sin. (20 marc)

(ii)

Céard é an mothú is láidre sa dán. Scríobh cuntas air seo.

(iii)

An teideal oiriúnach ar an dán é Éiceolaí, dar leat? Tabhair dhá fháth le do fhreagra. (10 marc)

11 13

(10 marc)


*P2*

Éiceolaí

E

Tá bean béal dorais a choinníonn caoi ar a teach, a fear, a mac, is a shíleann gairdín a choinneáil mar iad, go baileach. Beireann sí deimheas ag an uile rud a fhásann. Ní maith léi fiántas. Ní fhoighníonn le galar ná smál ná féileacán bán ná piast ag piastáil is ní maith léi an bláth a ligfeadh a phiotail ar lár.

PL

Cuirim feochadáin chuici ar an ngaoth. Téann mo sheilidí de sciuird oíche ag ithe a cuid leitíse. Síneann na driseacha agamsa a gcosa faoin bhfál. Is ar an bhféar aici siúd a dhéanann mo chaorthainnse cuileanna glasa a thál.

SA M

Tá bean béal dorais a choinneodh a gairdín faoi smacht ach ní fada go mbainfimid deireadh dúil dá misneach.

12 14


Make exam prep easy!

UNLOCKING maths

Interactive HL past papers and solutions Gain confidence by practising problems using this environmentally friendly study hack.

SA M

Contains all past papers and solutions for the last 10 years, all in one easyto-navigate e-Book

PL

E

to order

Option to learn through video with Unlocking Maths + by watching stepby-step solutions

FEATURES

Move from question to answer in seconds

Practise questions using the interactive screen

Add notes or comments to your exam paper

Save for future study or share with your teacher


E PL SA M 89F Lagan Road, Dublin Industrial Estate, Glasnevin, Dublin 11, D11 F98N

01 808 1494

info@examcraft.ie

www.examcraft.ie

*PMELCgaeh*


Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.